Eolas fúinne
Is comhlacht teangan é Fios Feasa atá lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta. Soláthraíonn an comhlacht earraí ilmheánacha agus seirbhísí comhairleoireachta teangan.
Bunaíodh i 1997 é chun earraí ilmheánacha a fhoilsiú a chuirfeadh cultúr agus teanga ársa na hÉireann i láthair leis an dteicneolaíocht is rí-dhéanaí. Ó shin i leith, tá cáil agus clú saothraithe ag Fios Feasa as feabhas a chuid earraí agus seirbhísí.
Go dtí seo, tá 11 teideal foilsithe ar CD-ROM ag an gcomhlacht, teidil do leanaí agus do dhaoine fásta ina measc, agus d’fhoghlaimeoirí na teangan agus do chainteoirí dúchais araon. Is iad bunscoileanna na hÉireann is príomh-chustaiméirí do na CD-ROManna seo, ach tá líon mór acu díolta le daoine aonair i nÉirinn agus thar lear chomh maith. Ina dteannta sin, deineann Fois Feasa obair san ilmheánachas do chliaintí eile, leithéidí an Gúm agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
Soláthraíonn Fios Feasa réimse leathan seirbhísí eile teangan chomh maith. Tá na céadta míle focal aistrithe againn, agus cuirimíd seirbhísí ateangaireachta ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus d’institiúidí i nÉirinn. Cuirimid traenáil ar fáil do scoláirí tríú leibhéal, d’eagraíochtaí stáit, agus d’institiúidí príobháideacha eile, i réimse leathan ábhar: an ríomhaireacht agus an t ilmheánachas do mhionteangacha, an feasacht teangan, an dearthóireacht dátheangach, agus a thuilleadh nach iad. Cuirimid seirbhísí comhairleoireachta ar fáil: tá pleananna teangan agus ráitis thionchar teangan réitithe againn do chomhlachtaí príobháideacha, agus tá ladhar suirbhéanna ar ghnéithe d’úsáid na Gaeilge reachtálta againn chomh maith.
Tairiscint SpeisialtaSeanfhocail
Ar an CD-ROM seo, tá 501 seanfhocal, sean-rá, beannacht, mallacht, agus nath cainte. A thuilleadh a léamh |
Seanfhocal an Lae
Is maith an t-ancaire an t-iarta..[The fireplace is a good anchor.]
A thuilleadh a léamh
Seanfhocail

