Abhaile
Amhrán is fiche eile

CD-ROM ceoil eile ag leanúint ar rath Amhrán is fiche. 21 amhrán nua á rá ag triúr amhránaithe cáiliúla ó Ghaeltachtaí difriúla. Bíonn na líricí go léir le feiscint ar an scáileán, agus bíonn liathróidín ag leanúint na bhfocal faid is a bhíonn an t–amhrán á rá. Is féidir an ceol a chur ar siúl gan an t–amhránaí chun an t–amhrán a rá sa stíl Karaoke. I measc na nithe eile atá ar an CD, tá áis chun na líricí a phriontáil amach, aistriúcháin as Béarla, agus samplaí de cheachtanna bunaithe ar na hamhráin do mhúinteoirí. Tá party piece breise ag teastáil!

Boghaisín na bhFocal
Is breá le páistí cluichí a imirt ar an ríomhaire, mar is maith is eol do gach athair iníne nó máthair mhic. Le Boghaisín na bhFocal, féadfaidh siad a bheith ag imirt leo, agus beidh siad ag foghlaim na léitheoireachta i nganfhios dóibh féin! Is é seo an pacáiste is déanaí ó Fhios Feasa, a forbraíodh i gcomhpháirt le Pádraig Ó Duibhir, Teagasc na Gaeilge, Coláiste Phádraig, BÁC, le maoiniú ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Tá dhá CD-ROM sa phacáiste, ceann do na daltaí féin agus ceann do na múinteoirí. Ar CD na nDaltaí, tá 9 gcinn de chluichí le himirt ar oiread le 6 leibhéal éagsúil: cártaí, cros is náid, siopadóireacht, meaitseáil, dísle, agus a thuilleadh. Ar CD na Múinteoirí, tá 7 gcinn de chluichí le priontáil amach: biongó, táiplis, cuardach focal, nathracha agus dréimirí, agus mar sin de, le cluichí ann do dhaltaí aonair, do ghrúpaí beaga, nó don rang ar fad. Tá Boghaisín na bhFocal dírithe ar leanaí ag tús na léitheoireachta. Téir ag imirt agus ag foghlaim inniu!
Tíreolaíocht le Cormac agus Órla
Áis spleodrach é seo chun tíreolaíocht na hÉireann a fhoghlaim. Tá sé bunaithe ar churaclam nua na mbunscoileanna don chúigiú agus séú rang agus ar Chlár Staidéir na Tíreolaíochta ag Key Stage 2. Tá dhá atlas, camchuairt anamúil na hÉireann, cluichí, míreanna mearaí, agus tomhaiseanna ann. I n-éineacht le Cormac, Órla agus Daideo, foghlaim mar gheall ar thíreolaíocht, stair, eacnamaíocht, agus cultúr na hÉireann. Buail an bóthar ina dteannta inniu!
Amhrán is fiche
Amhrán is fiche á rá ag triúr amhránaithe cáiliúla ó Ghaeltachtaí difriúla. Lean an liathróid ag léamh na líricí! Éist leis na hamhránaithe, agus ina dhiaidh sin, cuir an ceol ar siúl agus abair féin na hamhráin i stíl Karaoke. I measc na rudaí eile atá ar an CD, tá focail na n-amhrán le priontáil, tá aistriúchán Béarla ar fáil ar an scáileán, agus tá samplaí de cheachtanna bunaithe ar na hamhráin do mhúinteoirí.Ullmhaigh do "party piece" féin anois!
Ruairí sa Zú Ruairí sa Zú
Lean Ruairí, an carachtar a bhuail leati nDrochlá Ruairí, agus é ag tabhairt cuairte ar an zú lena chairde. Tá an scéal le Colmán Ó Raghallaigh léite as trí canúintí agus tá anam curtha le léaráidí geala gleoite Anne Marie Carroll. Tá cluichí, cleachtaí, sleachta eolais, agus ceisteanna mar gheall ar na hainmhithe a bhuaileann le Ruairí le linn a thurais ar an CD-ROM chomh maith. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais i dtaobh an CD.
Tá an CD-ROM idir-ghníomhach ilmheánach dhátheangach so faoi scríbhneoireacht an oghaim, le corpus de bhreis is 350 cloch oghaim ó Éirinn agus ón mBreatain. Leanann an earra nua so de chois ag na saothair scoláiriúla Corpus Inscriptionum Insularum Celticarum le RAS Macalister agus A Guide to Ogam le Damien McManus. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais i dtaobh an CD. 
Cormac & Órla agus Fionn Mac Cumhaill
Scéal idirghníomhach ilmheánach is ea é an CD-ROM seo, á léamh as rogha an úsáideora de na trí príomhchanúintí nó as Béarla. Scéal traidisiúnta Fiannaíochta an bunscéal. Tá sé oiriúnach do leanaí Gaelacha agus do leanaí ag foghlaim na teangan araon; go deimhin, tá sé oiriúnach d'aon leanbh a chuirfeadh suim i scéal bríomhar traidisiúnta curtha i láthair go nua-aimseartha. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais i dtaobh an CD. 
An Chéad Choiscéim An Chéad Choiscéim
I mBealtaine 2000, sheolamair CD-ROM bunaidh, slí chun tosnú ag foghlaim le hOscar agus Órla Ochtapas, le spraoi agus craic, le dathanna agus gealas. Tá céad focal coitianta curtha i láthair anso, le pioctúirí gleoite cartúin agus taifead de chainteoirí dúchais ód rogha féin de na trí príomhchanúintí. Léirítear úsáid na bhfocal i n-abairtí simplí, agus tá dathanna, uimhreacha agus litriú chomh maith ann. Tá mórán cluichí agus gníomhaíochtaí eile ann leis. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais i dtaobh an CD. 
Drochlá Ruairí Drochlá Ruairí
I Mí na Samhna 1999, sheolamair CD-ROM idirgníomhach bunaithe ar an leabhar cáiliúil do pháistí le Colmán Ó Raghallaigh agus anam curtha le léaráidí geala gleoite Anne Marie Carroll. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais i dtaobh an CD, nó leathanach samplach a fheiscint. 
Seanfhocail Seanfhocail
I mí Feabhra 1999, sheolamair CD-ROM dhátheangach de 501 seanfhocail agus seanráite. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais i dtaobh an CD, nó seanfhocal samplach a léamh.
An Bíobla Naofa An Bíobla Naofa
I mí Aibreáin 1998, sheolamair CD-ROM le téacs iomlán an Bhíobla. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais i dtaobh an CD.
Foilseacháin Eile Foilseacháin Shuimiúla Eile
Tá an-áthas ar Fios Feasa roinnt teideal a chur ar fáil ó fhoilsitheoirí ardchaighdeáin eile d'ábhar Gaelach. Is féidir cur síos cuimsitheach a léamh ar na foilseacháin sin, le samplaí fuaime agus pictiúirí.