Abhaile

Ainm agus Logo

Tagann an ainm “Fios Feasa”óna scéalta Fiannaíochta. I bhfad sara raibh clú agus cáil bainte amach ag Fionn Mac Cumhaill mar ghaiscíoch, bhí sé ina sclábhaí ag fathach na dtrí gceann is na dtrí mbeann. Bhí an Bradán Feasa goidte ag an bhfathach ó na draoithe; bhí an bradán á bheathú acu san ar chnóite coille, stóras rúndiamhair gach eolas. Chuir an fathach Fionn ag róstadh an éisc, agus thug rabhadh láidir dhó gan é a bhlaiseadh, ach gan é a chur ar an eolas.

Fad is a bhí Fionn ag faire an bhradáin, thosnaigh bolg beag dá chraiceann ag éirí leis an dteas. Sháigh Fionn síos é gan cuimhneamh air féin, agus dar ndóigh, dhóigh sé a ordóg. Chuir sé ina bhéal í ag lorg faoisimh, agus ba leor dhó an blaiseadh beag san go mbeadh a fhios aige cad a bhí aige. D'ith sé agus d'alp sé trí chéile é, agus d'éalaigh sé ón bhfathach.

As san amach, aon uair a bhíodh Fionn i gcruachás agus é ag iarraidh Éire a shaoradh óna naimhde, ní raibh le déanamh aige ach a ordóg a chur ina bhéal agus ghaibheadh sé “Fios Feasa”, sé sin le rá, pén t-eolas a bheadh ag teastáil uaidh chuige. Sna leagnacha luatha den scéal, chognaíodh sé í ón gcraiceann go dtí an bhfeoil, is ón bhfeoil go dtí an gcnámh, is ón gcnámh go dtí an smior, is ón smior go dtí an smuasach; ach sna leagnacha déanacha ní dheineadh sé ach í a shúraic.

Ní gá dhuit-se t'ordóg a chur id bhéal chun teacht ar fhios is ar eolas ar Éirinn; ina ionad san, cuir CD linn-ne id ríomhaire.