Fáilte!
Is comhlacht teangan é Fios Feasa atá lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta. Soláthraíonn an comhlacht earraí ilmheánacha agus seirbhísí comhairleoireachta teangan.
Bunaíodh i 1997 é chun earraí ilmheánacha a fhoilsiú a chuirfeadh cultúr agus teanga ársa na hÉireann i láthair leis an dteicneolaíocht is rí-dhéanaí. Ó shin i leith, tá cáil agus clú saothraithe ag Fios Feasa as feabhas a chuid earraí agus seirbhísí.
Crannchur na Míosa |
Comghairdeachas le Stiofán Ó hAoláin, a bhuaigh an crannchur do mhí Bealtaine, cóip den CD-ROM Ogham. |
Tairiscint Spesialta na Míosa |
Maran tu a bhuaigh an crannchur, ná bíodh ort buairt ná brón: tá an teideal céanna ar fáil go ceann míosa ar thairiscint speisialta. Sin é an CD-ROM Ogham, CD-ROM idirghníomhach ilmheánach dátheangach mar gheall ar scríbhneoireacht an oghaim, le corpus de bhreis is 350 cloch oghaim ó Éirinn agus ón mBreatain. Tá aiste chuimsitheach ar an CD faoi ogham go ginearálta, agus tá cur síos indibhidiúil ar gach cloch, le breis is 1,000 grianghraf agus léaráid díobh. €30 a chosnódh Ogham de ghnáth, ach do mhí an Mheithimh, bíodh sé agat AR LEATH-PHRAGHAS (€15 móide postas)! Chun teacht ar a thuilleadh eolais air, nó chun an tairiscint speisialta seo a ordú, cliceáil anseo. |
Cuid de na hearraí seo againn-ne
Tairiscint Speisialta
Ogham
Is CD-ROM idirghníomhach ilmheánach dátheangach é seo mar gheall ar scríbhneoireacht an oghaim, le corpus de bhreis is 350 cloch oghaim ó Éirinn agus ón mBreatain.
A thuilleadh a léamh
Seanfhocal an Lae
Trí ní atá chomh maith le nithe is fearr ná iad: claíomh adhmaid ag meatachán, uisce salach ag múchadh tine, bean ghránna ag fear dall..[Three things that are as good as things that are better than them: a wooden sword in the hands of a coward, dirty water quenching a fire, and an ugly woman married to a blind man.]
A thuilleadh a léamh
Seanfhocail
Cothrom an Lae Seo
1264Tháinig Parlaimint na hÉireann le chéile i nDíseart Diarmada i gCo. Chill Dara, an chéad chruinniú den Pharlaimint ar a bhfuil taifead deimhin.
1945
Deineadh Uachtarán na hÉireann de Sheán T. Ó Ceallaigh, an chéad uachtarán tofa a bhí riamh ag an tír.
1972
Cailleadh Myles Dillon, scoláire.


