Nuacht
Dátaí sa Stiúideo d'Amhrán is Fiche don Nollaig
Tá comhaontú anois ag Fios Feasa le hamhránaithe agus le ceoltóirí i gcóir Amhrán is Fiche don Nollaig. Beimid ag taifead i stiúideo Ruairí O’Flaherty i gCill Airne ó 5-9 Meán Fhómhair.
Jon Sanders agus Muireann Nic Amhlaoibh na ceoltóirí a bheidh ag obair linn. Seinnfidh Jon an giotár mar tionlacan do na hamhránaithe; leagfaidh Muireann port fliúite nó feadóige anuas ar cheol Jon do na traiceacha “karaoke”. Bhí Jon agus Muireann araon ag seinnt ar an dá theideal eile sa tsraith Amhrán is Fiche.
Faoi mar a dheineamair leis an dá CD ROM eile, tá amhránaí aitheanta aimsithe againn ó gach ceann de na trí phríomh-Ghaeltachtaí. Is iad so leanas na hamhránaithe a bheidh ag obair linn: Méabh Ní Bheaglaoich ó Chorca Dhuibhne, Síle Denvir ó Chonamara, agus Máiréad Ní Mhaonaigh ó Thír Chonaill, príomh-amhránaí agus bunaitheoir Altan, an banna ceol cáiliúil.
Táimid an-bhuíoch don chúigear acu go bhfuilid sásta a bheith páirteach sa tionscnamh so.